28/10/2026
Tá Áras Inis Gluaire ag lorg iarratas ar a gclár nua cónaitheachta do 2027.
Lonnaithe i mBéal an Mhuirthead, Co. Mhaigh Eo, tugann an chónaitheacht cuireadh d’ealaíontóirí teacht chuig an réigiún chun dul i mbun plé leis na pobail áitiúla agus smaointe a bhaineann leis an athrú aeráide, le cailliúint na bithéagsúlachta agus le hoidhreacht áitiúil a fhiosrú. Ar feadh ceithre seachtaine, tugann na cónaitheachtaí am agus spás d’ealaíontóirí chun taighde a dhéanamh agus a saothar a fhorbairt, am a chaitheamh leis an bpobal áitiúil agus aithne a chur ar an réigiún.
Tá an glao seo oscailte d’ealaíontóirí atá ag obair i ngach cineál ealaíne agus i ngach réimse cleachtais ealaíonta. Ní mór d’iarratasóirí a bheith lonnaithe cheana féin i gceantar Gaeltachta nó a bheith ag plé leis an nGaeltacht trína gcleachtas chun iarratas a dhéanamh. Is é an spriocdháta d’iarratais ná an 30 Samhain ag 5pm