23/10/2026
Don tríú bliain as a chéile, cuirfidh muid fáilte roimh chamchuairt Drawing from the Well de chuid ITMA chuig Amharclann Chois Fharraige! 🎶
Beidh Seán McKeon (píb uilleann), Jesse Smith (fidil) agus Libby McCrohan (bouzouki) linn i mbliana, in éineacht le haíonna áitiúla, le ceol a spreag ábhar ó bhailiúcháin ITMA agus Chartlann RTÉ.
Beidh béim ar an gceoltóir aonair i dtraidisiún cheol na hÉireann, agus beidh Aoife Nic Cormaic (RTÉ) agus Seán Potts (ITMA) i mbun cathaoireachta ar an bplé.
Tá an chamchuairt á cur i láthair i gcomhpháirtíocht le RTÉ100, agus déanfaidh RTÉ Raidió 1 taifead ar an gceolchoirm le craoladh amach anseo.
📅 Dé hAoine, 20 Samhain 2026
🕗 Ceolchoirm ag 8:00 i.n. | Doirse ag 7:30 i.n.
🎟️ Ticéid: €15 / €12 ar ráta laghdaithe, móide táille áirithinte.
👉 Ticéid ar Eventbrite (🔗nasc sna comments thíos)
Bígí linn d’oíche bhreá ceoil agus comhrá!